Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chaith sé 14 bliain ag teacht agus ag imeacht go hAlbain. D’oibir sé in monarcha tamall agus ar obair thógála in Albain. Bhí léir oibre le déanamh sa bhaile ar an oileán fosta. Bhí sé ag caitheamh séasúir sa bhaile agus séasúir thall in Albain. | 00:05:05 | |
In 1957 phill sé na bhaile agus fuair sé post ag obair i dteach an tsolais i dToraigh. Ba post sealadach é ag an am ach chaith sé ocht mbliana déag ann. Bhí an solas lasta le pairifín ag an am sin. Thosaigh sé ar dheich scillinge sa lá agus d’ardaigh sé go dtí punt sa lá. Tá taibhsí i dteach an tsolais. Bheadh damhsaí i dteach an tsolais b’fhéidir dhá uair sa bhliain. | 00:19:32 | |
An soitheach mór guail a thagadh as Oileán Mhanann agus an masla a bhí ag Antoin agus a dheartháireacha ag thabhairt an ghuail suas go teach an tsolais ar £10. Chaill a athair cuid den ‘dole’ de thairbhe sin. | 00:05:19 | |
Saol uaigneach a chaith sé i dteach an tsolais ach léigh sé cuid mhór leabhair an tam sin. | 00:02:08 | |